|
|


Scaip
an scéal chuig an scoil díreach roimh an Nollaig go raibh an
scoil seo againne roghnaithe mar cheann de na deich scoileanna
is fearr sa tír ó thaobh cumas san iománaíocht de.
Padraig O Ceallaigh, ceannasaí ar an Seó spóirt a bhris an scéal
ar dtús. Ba mhór an onóir don scoil é. Bhí siad chun teacht
chuig an scoil chun taifeadadh a dhéanamh ar an scoil agus chun
comórtas a reachtáil.
Tháinig siad thart a a trí a clog ar an Déardaoin an 20ú la
d’Eanair. Ghlac siad cúpla radharc den sean fhoirgneamh agus
ansin chuadar sall chuig an pháirc áit a raibh slua mór de na
himreoirí ón bhfoireann sinsear ag fanacht dóibh agus iad uile
ar chipíní.
Thóg deichniúir de na leaids poc ag iarriadh an sliotar a chur
thar an trasnán. Tar éis gach scór a fuair siad dhein siad
damhsa ceilliúradh, damhsa an sicín, ag iascaireacht i gcomhair
na mbradán agus srl. Ar an lá fuair na buachaillí cúig cinn de
na pocanna. Bhí spórt agus scléip ann. Bhain gach éinne a bhí
páirteach ann an-thaitneamh as an lá.

Comhghairdeas do ghach éinne a bhí páirteach ann.
Ar an triú la deag d’Éanair, ghlac
foireann uí Artaigh páirt sa seó ar TG4 darb ainm “Thar an
Trasnán”.
Sraith a bhíonn ar siúil gach oíche dé hAoine atá i gceist.
Bíonn Dara Ó Cinneide ina láithreoir ann. Tháinig beirt fhear
chuig an scoil chun taifead a dhéanamh orainn.
Ar dtús bhí orm réamhra a thabhairt ós comhair na scoile agus an
áit a chur in aithne dóibh.
Ansin ar aghaidh linn trasna an bhothair go dtí na páirceanna
imeartha chun triall a bhaint as an gcomórtas. Bhí deich seans
againn chun an sliotar a bhualadh thar an trasnán a méid uair a
bhíomar abalta ón line seasca cúig. Níor éirigh linn ach cúig
cinn a aimsiú.
Theip orainn sa chomortas ach bhí la iontach againn. Bhain gach
duine taitneamh as an ngaeilge a labhairt agus a usáid. Cinnte
tabharfaidh se ardú céime sa Ghaeilge sa scoil amach anseo.
Tuarisc curtha le cheile ag
Dara Ó Cearbhaill.


|
|
|
 
Ar
an gcúigiú lá is fiche de mhí na Samhna 2010, reachtáil an
comhlacht Ghaelach Gael Linn Díospóireachtaí inár scoil. Bhí
scoileanna ag teacht ó chian is ó chongar chun a bheith
páirteach ann.Bhí gach éinne a bhí bainteach leis sa scoil ar
chipíní mar gheall. Ba mhór an onóir é don scoil.
Na scoileanna a bhí páirteach: -Coláiste Cholmáin, Mainistir na
Corann, Scoil Regina Mundi, Dúbhglas. Coláiste na Toirbhirte, An
Mhairdíog. Scoil Croí Naofa, Carraig na bhfear
Bhí foireann shóisearach ón scoil ag glacadh páirte ann. Bhí
Greg O Suilleabháin, Seaic O Buachalla agus Donnacha ag seasamh
ar an oíche ar son na scoile. Dheineadar sár iarracht. Bhí
comórtas géar ann. Faroaor ní raibh an lá againn agus níor
éirigh linn dul ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile.
Fuaireadar ard mholadh ar an oíche úd.
Comhghairdeas
do ghach éinne a bhí páirteach ann.
Éacht den chéad scoth gan amhras.
Donncha
Ó Fearaíl
D’fhiafraigh Miss Clifford díom a bheith páirteach ar an
bhfoireann díospóireachta. Bhí áthas an domhain orm. Obair chrua
a bhí ann. Bhí orainn oráid a chur le chéile agus é a fhoghlaim
de ghlan mheabhair. Bhí sé deacair ar dtús ach ansin chuaigh mé
i dtaithí air.
Ar lá na díospóireachta bhí má an-neirbhíseach. Bhí slua breá
bailithe. Chuamar suas agus dheineamar sár iarracht. Bhain mé
alán taitnimh agus tairbhe as an taithí sin. Mholfainn do ghach
éinne a bheith páirteach i ndíospóireachtaí as Gaeilge.
Greg O Suilleabháin
Bhí mé sa bhaile tinn lá amháin, tháinig glaoch ó mo mhúinteoir
Gaeilge, Miss Clifford. D’fhiafraigh sí díom a bheith i mo
chaptaen ar an bhfoireann díospóireachta. Ghlacas go fonnmhar
leis an tairscint.
Nuair a d’fhill mé ar ais ar scoil ar an Luan, bhí an-chuid
oibre le déanamh. Luíomar isteach ar an obair mar fhoireann.
Chaitheamar na huaireanta fada ag cleachtadh i dteannta le Miss
Clifford.
Ag deireadh thiar tháinig an lá, bhíos an-neirbhíseach. Rinne mé
mo dhicheall os chomhair slua mór. Bhíos an shásta liom féin le
m’iarracht. Bhíos brónach nuair nár éirigh linn dul níos faide
sa chomórtas.
Seaic Ó Buachalla
Bhí Miss Clifford ag caint ag tús na bliana faoi díospóireachtaí
as Gaeilge. D’eirigh mé fiosrach agus chuir mé cúpla ceist
uirthi mar gheall. Ba mhór an onóir dom, nuair a phioc mo
mhúinteoir mé chun a bheith mar chuid den fhoireann.
Dheineamar alán chleachtaidh chun a bheith réidh don chomórtas.
Bhíomar ag bualadh le chéile roimh an scoil ar maidin, i rith am
lóin agus fiú tar éis scoile um thráthnóna. Bhí na huaireanta
fada ach b’fhiú iad.
Ní bhfuaireamar an lámh in uachtar ach beidh lá eile ag an
bPaorach.
|
|
|

An
Oíche cultúrtha -
Ar an 25ú lá de mhí
na Samhna, bhí comórtas díospóireachta ar siúil sa scoil. Bhí
timpeall ocht scoil ag glacadh páirte ann. Bhí comórtas
sóisearach agus sinsearach i gceist. Bhí foireann ag Coláiste
Chólmáin. Bhí siad ar fheabhas ar fad.
Bhí ceol ar siúil istigh sa leabharlann an lá ar fad. Bhí
buachaillí ó bheagnach gach bliain ag seinnt uirlisí. Bhí mé
féin ag seinnt mo ghiotar. Bhí an t-atmaisféar ar fheabhas
istigh ann. Bhí daoine ó na scoileanna ag caint lena chéile agus
ag baint taitnimh as an gceol. Bhí an-chraic ann. Bhí bia agus
tae ag dul timpeall freisin agus bhí cuma áthais ar ghach aon
duine
Tuarisc curtha le chéile ag
Michael Comerford
Bhí Coláiste Cholmáin ina shuíomh do Chraobh Chorcaí ag deireadh mí
na Samhna. Ghlac alán scoileanna ón gcontae páirt ann.
Oíche den chéad scoth ba ea an oíche úd. Bhí deochana, brioscaí,
cácaí milís agus araon le fáil ann. Chuireamar taispeántas Gaelach
ar siúil. Bhí boscaí ceoil, giotar feadóg stain, bodhran agus píobaí
uileann le cloisteail. Oíche agus seisiúin den chéad scoth a bhí
ann.
Bhí an áit plódaithe le daoine, is baolach nach raibh spás chun
bogadh ann. Ba cheart dúinn a bheith an-bhródúil as an oíche a
chuireamar ar fáil.
Tuarisc curtha le chéile ag
Pól Mannix
(6ú Bliain)
Roghnaigh an comhlacht Gael Linn “Coláiste Cholmáin” mar shuíomh don
díospóireacht craobh Chorcaí. Roimh an díospóireacht bhí tráthnóna
breá Gaelach againn i leabharlann an Chrocaigh. Bhí braon tae agus
caife agus bhí neart soláistí ar fáil idir cheapairí, chistí agus
mar sin de.
Bhí go leor ceoil againn freisin: poirt, ríleanna, cúpla corrphíobaí
cúpla seit, rincí agus amhrán ar an sean nós. Sheinn Prionsias O
Floinn “An Bádóir Uaighneach” chun deireadh a chur leis an seisiúin
ar an bhfeadóg.
Síos chuig leabharlann na sagart linn ansin i gcomhair na
ndíospóireachtaí. Bhí an comórtas Sóisearach ar dtús. Ba é rún na
hoíche ná “ is fearr an sláinte ná na táinte” Caithfear a adhmháil
go raibh díospóireacht den chéad scoth idir na ceithre foirne a bhí
i lathair. Le mí adh níor bhuaigh ár scoilne. Bhí iarracht den chéad
scoth curtha isteach acu. Fair Play dhaoibh leaids.
Ansin bhí oráid an spéisiúil faoi stair na scoile tugtha ag an
stairí áitiúil Tadhg O Buachalla.
Ba é “ Turas Oifigiúil go hÉirinn ag an mBanríon Eibhlís ó Shasana”
an rún a bhí ag na foirne sinsir. Bhí díospóireacht an bheomhar agus
an spéisiúil ‘s greannmhar ach go hairithe ó fhoireann Colaiste na
Toirbhirte.
Bhain gach duine taitneamh as an oíche. Buíochas do ghach duine a
bhí páirteach san oíche speisialta Gaelach seo
Tuarisc curtha le chéile ag
Eoin Ó Caoimh
(6ú Bliain)
|
| |
 
Knock a Doon
Bhí ar ghach duine sa choláiste seo labhairt as Gaeilge an
t-am ar fad. Fiú nuair nach raibh na stiúrthóirí timpeall na
háite bhíomar fós ag caint Gaeilge. Bhí an craic nócha ann.
Bhí céilí gach oíche. Bhí bricfeasta ar a hocht a chlog gach
maidin, ansin thosaigh na ranganna ar a naoi. Nuair a bhí na
rangana críochnaithe chuamar chuig an halla spóirt.
Bhi an dinnéar ar a haon a chlog gach lá. Bhi orainn na
seomraí folctha agus na seomraí leaba a ghlanadh ina dhiaidh.
Tar éis an spóirt bhí cúpla uair saor againn Bhíomar ag
caint lenár gcairde agus ag imirt cluiche i rith an ama sin.
Nuair a bhí an aimsir go deas chuamar chuig an trá. Bhí
orainn dul chuig an tAifreann gach domhnach
Tuarisc curtha le chéile ag
Micheal Ó Cinnéide
Maitiú Ó Maolchathaigh
An Rinn
Nuair a chuaigh mé isteach sa chéad bhliain, bhí mo chuid
Gaolainne go huafásach. D’fhreastail me ar Choláiste na
Rinne. Ta an coláiste seo díreach in aice le Dún Garbháin.
Bhí mé ag fanacht ann le buachaillí a bhí ag teacht ó ghach
cúinne den tír. Reachtáil siad na ranganna óna naoi ar
maidin chuig a haon a chlog san iarnóin. Mar an gcéanna le
gach aon choláiste eile bhí ort gach rud a dhéanamh trí
mhéan na Gaeilge.
Téim ann gach aon bhliain ó shin, bhuail mé le cairde ann a
bheadh agam don saol.
Tuarisc curtha le chéile ag
Cian Clarke.
Béal Átha an Ghaorthaigh
Bhi scolaireacht agam chun dul chuig an coláiste i mBaile an
Ghaorthaigh. Chosnaigh se thart ar chúig chéad euro.
D’éirigh na daltaí gach maidin ar a hocht a chlog.
D’itheamar an bricfeasta ar a leathuair tar éis a hocht.
Thosaigh na ranganna ar a naoi a chlog. Chríochnaigh na
ranganna ar a haon a chlog. Bhí rang spóirt againn ar a trí
a chlog. Bhí orainn caint as gaeilge i rith na gcluichi. Bhí
cluiche peile agus sacair ann. Ar a hocht a chlog bhí céilí
ann. Bhí ar ghach aon duine damhsa ann.
Tuarisc curtha le chéile ag
Eoin Maye.
Coláiste na bhFiann, Co. Na Gaillimhe.
Chuaigh mé chuig Coláiste Na bhFiann i gcontae na Gaillimhe.
Bhí sé go hiontach. Bhí thart ar chéad duine ag freastal ar
an gcúrsa. Chosnaigh sé cúig chéad euro dul ann. Gach lá
d’eirigh mé ar maidin ar a hocht a chlog. D’íth mé mo
bhricfasta agus chuaigh an t-ochtar a bhí ag fanacht i mo
theach chuig an halla. Bhí ranganna agam go dtí a haon a
chlog. Bhí cluichí spoirt againn cosúil le cispeil, peil
agus sacar. Bhí siad go maith. Bhí alán imeachtaí ar siúil
gach lá. Bhí Gaeilge á labhairt gach lá agus ní raibh cead
ag éinne caint as Béarla. Tá an Ghealtacht suite in iarthar
na tire i gcontae na Gaillimhe.
Tuarisc curtha le chéile ag
Tomás Ó Condúin
Baile an Fheirtéaraigh
Chuaigh mé go dtí Baile an Fheirtéaraigh le haghaidh cúrsa
Gaeilge i rith an tsamhraidh an bhliain seo chaite.
Chosnaigh sé €890 agus bhí mé ann I gcomhair trí seachtaine.
Bhí sé ar fheabhas.
Bhí céilí againn gach oíche ar a hocht a chlog go dtí deich
a chlog. Bhí spórt againn gach lá ón a trí a chlog go dtí a
cúig a chlog. Bhí ranganna againn ar a naoi o chlog go dtí a
dó dheag a chlog.
Ní raibh cead againn aon bhéarla a labhairt agus d’fhoghlaim
mé a lán Gaeilge.
Tuarisc curtha le cheile ag
Roibeáird Buttimer.
|
|
|
 
.JPG)
Ta
ceol ri-thábhachtach sa scoil anseo i gColáiste Cholmáin. Tá
cúpla banna ceoil sa scoil.
Bíonn “Colman’s Got Talent” ar súil gach bliain Bíonn cúpla
ceolchoirm de ghnáth. Glacann scoil Loreto na gcailíní páirt
uaireanta comh maith. An bhliain seo caite bhí comórtas “TY
Idol” isteach sa halla. Bhí comórtas ann idir na daltaí ó
Choláiste Cholmáin agus na cailíní i Loreto. Bhí an-chomórtas
ann.
Na laethanta seo tá níos mó suime sa cheol ag daltaí. Tá suim ag
na múinteoirí agus na daltaí sa cheol. Múineann Mr. Aiden Duggan
an piano bíonn sé anseo gach Máirt agus Céadaoin. Deis den chéad
scoth atá ann do na daltaí. Tá ceol ina ábhar don Teastas
Soisearch agus don Árdteist. Bainim alán taitnimh as an gceol
agus na deiseanna sa scoil seo.
Tuarisc curtha le chéile ag
Cian O Laoghaire
|
| |
 
Sa bhliain 2010, ghlac P. J. O’Donoghue, Jack Geary Gavin
O’Brien agus mé féin pairt sna díospóireachtaí Gaeilge I
Regina Mundi i nDúbhglas.
An rún a bhí againn ar an oíche ná:
“ Tá an iomarca airgid caite ar na healaíona”.
Bhíomar in aghaidh an rúin.
Bhuaileamar taobh amuigh den scoil ar a ceathair a chlog.
Chuamar chuig Dúbhglas i gcarr.
Bhi slua mor ann nuair a shroichamar scoil Regina Mundi. Bhi
muinteoiri, scolairi agus teaglach na scolairi ann. Bhí
Gavin ina chaptaen ar an bhfoireann.
Níor bhuamar an comórtas ach bhí am den chéad scoth againn.
Ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo na ndeor.
Tuarisc curtha le chéile ag
Risteard Mac Craith
|
ar ais go barr ^
|